Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Cláraigh le vacsaín fliú nó vacsaín COVID-19 a fháil saor in aisce

Orthu siúd nach bhfuil vacsaín fiú ná vacsaín COVID-19 faighte acu riamh i bPoblacht na hÉireann atá an tseirbhís clárúcháin seo dírithe.

Mura gcláraíonn tú ar líne, beidh tú in ann clárú agus an vacsaín á fáil agat.

Tuilleadh eolais faoi:

Cé leis ar féidir clárú?

Má tá tú 16 bliana d'aois nó os a chionn, is féidir leat clárú le haghaidh vacsaín fliú nó vacsaín COVID-19 ar chuntar nach bhfuil ceann faighte agat cheana.

I gcás leanaí, is féidir lena dtuismitheoirí nó lena gcaomhnóirí iad a chlárú.

Toiliú dóibh siúd atá faoi bhun 16 bliana d’aois

Beidh ort a bheith i láthair ag vacsaíniú do linbh le cead a thabhairt dó nó di an vacsaín a fháil.

Má tá do leanbh chun an vacsaín a fháil ar scoil, iarrfar ort foirm thoilithe a chomhlánú in ionad a bheith i láthair.

Cláraigh ar líne

A mbeidh ag teastáil uait le clárú ar líne

Cuir isteach d’ainm de réir mar atá sé ar do phas. Má tá tú ag clárú do linbh, cuir isteach a (h)ainm.

Le clárú ar líne, ní mór duit na sonraí seo a leanas a bheith agat:

  • uimhir fóin póca – má tá tú ag clárú linbh, úsáid d’uimhir féin
  • seoladh ríomhphoist – má tá tú ag clárú linbh, úsáid do sheoladh ríomhphoist féin
  • uimhir PSP – má tá tú ag clárú linbh, úsáid a (h)uimhir PSP
  • éirchód – má tá tú ag clárú linbh, úsáid a (h)éirchód

Cabhair le clárú

Clárú ar an bhfón

Má tá tú bodhar nó mura bhfuil an éisteacht go maith agat, is féidir leat téacs a chur chuig HSELive ar 086 1800 661 le clárú le haghaidh do vacsaíne.

An fáth a dteastaíonn do chuid faisnéise uainn

Ní bhailímid ach an fhaisnéis a theastaíonn uainn chun tú a aithint, do choinne a dhéanamh, vacsaíniú a dhéanamh ort go slán sábháilte, a thaifeadadh go bhfuil tú vacsaínithe agus monatóireacht a dhéanamh ar an gclár vacsaínithe.