Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Ráiteas maidir le Fianáin

Is le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an láithreán gréasáin seo agus is ise a dhéanann é a reáchtáil.Baineann an fógra seo maidir le fianáin le trí ghné: na leathanaigh thuirlingthe, an leathanach ciúála agus an córas clárúcháin.

Is comhaid bheaga iad fianáin a chruthaítear agus a shábháiltear ar d'fhón, táibléad nó ríomhaire nuair a thugann tú cuairt ar láithreán gréasáin. Stóráiltear iontu faisnéis faoin gcaoi a n-úsáideann tú an láithreán gréasáin, amhail na leathanaigh a dtugann tú cuairt orthu agus an chaoi a n-idirghníomhaíonn tú le hinneachar.

Ní víris ná ríomhchláir atá sna fianáin. Bíonn siad an-bheag agus, mar sin, ní ghlacann siad mórán spáis.

Cén chaoi a n-úsáidtear iad ar an láithreán seo?

Ní úsáidtear fianáin ar an láithreán gréasáin seo ach amháin chun críocha feidhmiúlacht atá fíor-riachtanach le haghaidh na seirbhísí arna n-iarraidh go sainráite ag an úsáideoir le haghaidh a sheisiúin, de réir Rialachán 5(5), IR 336 de 2011 (na Rialacháin r-Phríobháideachais). Níl do thoiliú ag teastáil uainn le hiad a úsáid toisc go bhfuil siad fíor-riachtanach. Ní féidir leat iad seo a athrú ná diúltú dóibh.

Úsáidtear fianáin mharthanacha agus fianáin seisiúin ar an láithreán gréasáin seo. Úsáidtear fianáin mharthanacha chun críocha slándála. Úsáidtear fianáin seisiúin le bunfheidhmeanna an láithreáin gréasáin a chur ar fáil, i.e. ligean do leathanaigh cuimhneamh ar athruithe teicniúla nó ar na roghanna a d'fhéadfá a dhéanamh idir leathanaigh. Is éard is fianáin seisiúin ann ná fianáin shealadacha is iondúil a scriostar nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí.

Ní úsáidtear fianáin tríú páirtí ar an láithreán gréasáin seo.